Beatha an Scoláire
Aoibhinn beatha an scoláire
bhíos ag déanamh a léighinn;
is follas díbh, a dhaoine,
gurab dó is aoibhne in Éirinn.
Gan smacht ríogh na rófhlatha
ná tighearna dá threise,
gan chuid cíosa ag caibidil,
gan moichéirghe, gan meirse.
Moichéirghe ná aodhaireacht
ní thabhair uadha choidhche,
's ní mó do-bheir dá aire
fear na faire san oidhche.
Maith biseach a sheisrighe
ag teacht tosaigh an earraigh;
is é is crannghail dá sheisrigh
lán a ghlaice de pheannaibh.
Do-bheir sé greas ar tháiplis,
is ar chláirsigh go mbinne,
nó fós greas eile ar shuirghe
is ar chumann mná finne.
Leagtha ar Chearbhall Ó Dálaigh, fl 1597-1630
ar fáil uainn sa chnuasach Nua-Dhuanaire I